|
|
| |
Dánta, Drámaíocht agus Prós
| Caitlín Maude
| B'fhile ar fónamh í Caitlín Maude a chuir comaoin ar litríocht a linne. Bhain sí earraíocht as acmhainn teanga agus tuisceana a pobail dúchais le haghaidh trácht a dhéanamh ar chás an duine gan phobal i bhfoirm filíochta. D'fhág sí bailiúchán tábhachtach dánta ina diaidh nach mór a chur sa gcomhaireamh nuair a fhéachtar le filíocht chomhaimseartha na hÉireann a mheas...
B'éalaíontóir ildánach fíorchumasach a bhí in Caitlín Maude ar éirigh léi gaisneis ar fónamh a bhaint as cineálacha liteartha éagsúla, mar atá, an dán, an dráma, an gearrscéal, an léirmheas, an parabal, an t-alt agus an t-amhrán. Tá ionracas agus díograis go barr bachall ina cuid scríbhneoireachta uilig arb iad an mharana, an léitheoireacht agus an cleachtadh soil a clocha boinn. Áireofar Caitlín Maude feasta ar údair, ar smaointeoirí, agus ar ghníomhaithe móra Gaeilge na fichiú haoise.
- Ciarán Ó Coigligh
|
|
|
|